Irish poems translations
Neilí Tá Neilí bheag ag caoineadh Tá tinneas ina ceann "Rith go dtí an dochtúir Agus féach an bhfuil sé ann!”
"Brostaigh ort a dhoctúir, Tá Neilí ina luí. Beir leigheas leat sa mhála – Úll mór is piorra buí!”
|
Neilí Wee Neilí is crying There is a pain in her head "Run to the doctor And see if he is there!
"Hurry up, Doctor, Neilí is in bed. Bring medicine in the bag - A yellow pear big apple! " |
Bábóg Shíle Tá bábóg ag Síle Is í gléasta go deas Faoi ghúna breá síoda Agus cóta beag glas. Is aoibhinn le Síle Í a chur ina suí Is a gruaig geal a chíoradh Sula dtéann sí a luí. Tá cion mór ag Síle Ar a bábóigín féin; Codlaíonn siad le chéile Gach oíche den bhliain |
Sheila’s doll Sheila has a doll and it is well dressed In a fine silk dress And little green coat. Sheila loves to put it sitting up and to comb its hair Before she goes to bed. Sheila is very fond Of her own wee doll They sleep together Every night of the year
|
Paitsín Ó, tá mo chroí briste Faoi scamall is brón Mar chaill mé mo mhadra Amuigh ar an ród.
Níor mhadra go dtí é, É beag agus deas, Ba chuma leis báisteach, Nó sneachta nó teas.
Bhí cion aige ormsa Is grá agam dó Ní raibh madra chomh breá leis Ag aon duine beo.
Ach, d’fhan sé sa tsráid, lá, Nuair a rith mé isteach, Is ní fhaca mé Paitsín Ón lá sin amach.
Ó, thabharfainn aon airgead, Idir gheal agus bhuí, Don duine a gheobhadh dom Paitsín mo chroí.
Lionard Ó hAnnaidh |
Paitsín Oh, my heart is broken Under a cloud of sadness As I lost my dog Out on the road.
There was never a dog like him He is small and nice, He didn’t care of the rain Or snow or heat
He was fond of me And I loved him There was never a dog as nice as him at anyone alive. (no-one ever had a dog like him)
However, he stayed in the street, that day, When I run into the house I have never seen Paitsín Since that day
O, I’d give any money both bright of gold For anyone that would bring back to my Paitsín my heart.
Lionard Ó hAnnaidh |
Froganna Froganna beaga deasa, Froganna beaga buí, Froganna beaga glasa, Is a mamaí ina luí.
Daidí frog ina sheasamh, Is bata ina láimh, Ag múineadh do na páistí, cad é an dóigh le snámh.
|
Frogs Nice small frogs, small yellow frogs, little green frogs, Mommy is in bed.
Daddy frog is standing, With a stick in his hand, Teaching his kids, The way to swim. |
Éirígí, A Pháistí Éirígí, a pháistí! Amach linn faoin aer; Tá an ghrian gheal ag taitneamh, Níl scamall sa spéir.
Tá gaoth bhog ag séideadh Thar cnoc agus gleann, Tá duilleoga ag damhsa Ar sceach is ar chrann.
Tá úlla is sméara Go tiubh ar gach craobh, Tá bláthanna geala Ag fás ar gach taobh.
Éirígí, a pháistí! Amach linn faoin aer Chun aoibhneas a bhaint As an áilleacht go léir.
|
Get up Children Get up, children! Out into the open air; The bright sun is shining, And there’s not a cloud in the sky.
A soft wind is blowing Over hill and valley, leaves are dancing On hedges and on trees.
Apples, berries are thick on each branch, bright blossoming flowers on each side.
Get up, children! Out into the open air to get enjoyment from all the beauty. |
|